chomh maith, i Nuálaíocht Foirgníochta (Dioplóma Iarchéime) agus i Modhanna Nua- Aimseartha Foirgníochta (Teastas Iarchéime), chun réitigh teicneolaíocha inbhuanaithe a fhorbairt féachaint le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an earnáil foirgníochta agus earnáil na timpeallachta tógtha in Éirinn agus thar lear. Tá tionscadal nua á reáchtáil ag an Ionad faoi láthair ar bhonn píolótach i réimse na micrichreidiúintí. Is ionann micrichreidiúintí agus cúrsaí beaga creidiúnaithe atá deartha go sonrach chun freastal ar éilimh foghlaimeoirí agus eagraíochtaí, agus iad forbartha i gcomhairle le fiontair réigiúnacha. Deis foghlama an-solúbtha d’fhostaithe na cúrsaí gearra seo, agus bealach inrochtana atá iontu cur lena gcuid scileanna agus scileanna nua a fhoghlaim chun freastal ar éilimh ionad oibre an lae inniu. Tá na cúrsaí á dtairiscint againn ar líne amháin nó ar bhonn foghlama cumaisc. Fágann na modhanna seachadta solúbtha sin go bhfuil mic léinn in ann scileanna fíorúsáideacha a fhorbairt agus ag an am céanna fanacht i bhfostaíocht agus aird a thabhairt ar chúraimí pearsanta. Cur chuige iomlánaíoch atá i bhfeidhm ar ár gcúrsaí a chuireann le taithí foghlama na mac léinn, agus dírítear ar an duine féin. Roinntear saineolas agus scileanna gairmiúla leis na mic léinn ar na cláir agus tugtar an deis dóibh ag an am céanna a scileanna gairmiúla a fhorbairt cosúil le cumarsáid, réitigh fadhbanna agus scileanna cuir i láthair, chomh maith le scileanna teicniúla. Cothaítear an nasc idir teoiric agus cleachtas i gcaitheamh an ama mar go mbíonn measúnuithe agus cás-staidéir an chúrsa bunaithe ar chásanna praiticiúla agus is féidir iad a chur in oiriúint d’ionad oibre an mhic léinn aonair. Tá raon leathan clár á thairiscint againn cosúil le hEolaíocht agus Teicneolaíocht, Ard- Déantúsaíocht, Gnó agus Bainistíocht, Teicneolaíocht Faisnéise agus Oideachas Pobail. Am tráthúil atá ann do dhuine ar bith athmhachnamh a dhéanamh ar a ngairmréim agus an cinneadh a dhéanamh cur lena gcuid scileanna trí thabhairt faoi chúrsa staidéir pháirtaimseartha. Déanann foireann an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh comhghairdeas inniu leo siúd ar fad a bhfuil cáilíocht bainte amach acu agus guímid gach rath orthu ina ngairmeacha amach anseo.
An tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh R: adultlearning@universityofgalway.ie T: 091 494066
G: www.universityofgalway.ie/adultlearning www.facebook.com/nuigalway.adulted
Cúpla focal ó na mic léinn... “Tá mé faoi chomaoin mhór ag Ollscoil na Gaillimhe i ngeall ar a ndearna sí chun cabhrú liom agus chun timpeallacht acadúil a chruthú a chuaigh in oiriúint dá raibh uaim seachas an bealach eile thart. D’airigh mé go raibh ullmhú maith faighte agam tar éis dom mo chúrsa céime a chríochnú, agus níorbh fhada gur éirigh liom post nua a fháil. D’fhág an t-eolas agus na scileanna a fuair mé ar an gcúrsa seo gur iarrthóir poist maith a bhí ionam agus ba léir d’fhostóirí féideartha go raibh cumais bainistíochta ama agam tar éis dom a léiriu go raibh mé in ann staidéar agus a bheith gníomhach i gcúrsaí spóirt ag an am céanna.” Mac Léinn ar an mBaitsiléir Tráchtála
Powered by FlippingBook