Saturday November 22nd 2025

Oideachas a Spreagann

Tá an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh ag comóradh os cionn leathchéad bliain d’Fhoghlaim Aosach ó bunaíodh in 1969 é. Oibríonn an tIonad le pobail, daoine aonair agus gníomhaireachtaí réigiúnacha chun a chinntiú go bhfuil deiseanna forbartha gairmiúla agus pearsanta ar fáil dóibh siúd ar mian leo cur lena gcuid scileanna nó dóibh siúd a d’fhéadfadh bacainní a bheith rompu rochtain a fháil ar oideachas ollscoile. Cúrsaí seachtracha for-rochtana a cuireadh ar fáil ar dtús ach sa lá atá inniu ann cláir sholúbtha atá ann atá creidiúnaithe go hiomlán i réimsí cosúil le Gnó, na Daonnachtaí, Ard- Déantúsaíocht, Teicneolaíocht Faisnéise, Teangacha, Oideachas Pobail agus go leor eile. Tá taithí na mblianta ag an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh ar chláir ag an mbonnleibhéal suas go dtí dámhachtainí máistreachta a fhorbairt agus a chur ar fáil. Léiríonn cláir foghlama fadsaoil agus straitéisí for-rochtana na hOllscoile a thiomanta atá sí do luachanna na hoscailteachta agus na hinrochtaineachta, an tacaíocht a thugann sí don fhorbairt réigiúnach agus an freastal a dhéanann sí ar riachtanais oideachais daoine aonair agus an phobail ar fud an réigiúin agus na tíre. Tugann cláir foghlama solúbtha na hOllscoile deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ag am ar bith, in áit ar bith agus ar bhealach ar bith. Tá tiomantas déanta ag an Ollscoil ina Plean Straitéiseach don luach a bhaineann le hOllscoil na Gaillimhe a bheith in hollscoil oscailte agus do rochtain agus deiseanna foghlama feadh an tsaoil a mhéadú do gach foghlaimeoir. Chuir Ollscoil na Gaillimhe cúrsaí Rochtana agus cúrsaí páirtaimseartha ar fáil tríd an Ionad do bhreis agus 1,500 mac léinn ar fud an réigiúin i rith na bliana acadúla 2024- 25. Bhí go leor de na mic léinn sin imithe ón gcóras oideachais fhoirmiúil ar feadh tréimhse fhada, ach d’aithin siad ar fad a thábhachtaí atá sé cur lena gcuid scileanna/uas-sciliú le go mbeifear iomaíoch sa mhargadh saothair agus faoi réir tabhairt faoin ionad oibre a bhíonn ag síorathrú. I gcás sciar eile d’fhoghlaimeoirí, thug siad faoi chlár staidéir ar mhaithe le féinfhorbairt agus mar gheall go raibh suim phearsanta acu ann. Ár gcuid clár Díríodh sna forbairtí cláir nua ar chúrsaí a dhéanamh níos inrochtana agus níos inláimhsithe do mhic léinn trí dhámhachtainí céimnithe a thairiscint ag leibhéal Teastais, Dioplóma, Céime, Máistreachta agus fiú ag leibhéal an mhodúil aonair (i.e. micrichreidiúint) chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag an oiread daoine agus is féidir ó gach grúpa ionadaíoch ar na deiseanna oideachais seo. Agus muid ag féachaint go hintinneach ar a riachtanaí atá sé do mhic léinn a bheith ag cur lena gcuid scileannai gcaitheamh an ama agus a bhfuil foghlamtha acu a chur chun feidhme san ionad oibre, tá aghaidh á tabhairt ag na cláir nua seo ar na bearnaí scileanna atá ag teacht chun cinn san earnáil tráchtála i réimsí cosúil le bainistíocht ghnó, forbairt ceannaireachta, teicneolaíocht ard-déantúsaíochta, Teicneolaíocht Faisnéise agus go leor eile. I measc na bhforbairtí cláir nua ag an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, in éineacht le pobal acadúil na hOllscoile, tá sraith Dioplómaí bliana atá á dtairiscint ar bhonn foghlama cumaisc i gCleachtas Ard-Déantúsaíochta ina ndíreofar ar phróisis déantúsaíochta a dhigitiú, feistí leighis atá nasctha go digiteach, déantúsaíocht chliste agus ar inbhuanaitheacht córas déantúsaíochta. Tá dhá chúrsa iarchéime seolta aige

Powered by