Ord na nImeachtaí
Deir an tUachtarán/Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí focal fáilte. Osclaíonn Stiúrthóir an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh cruinniú na hOllscoile i Laidin. Ag tosú dó/di i Laidin, cuireann an Déan na réamhchéimithe in aithne don Uachtarán/Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí chun go mbronnfar céim orthu. Glacann an tUachtarán/Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí, le foirmle Admissionis, leis na réamhchéimithe chun críche na céime agus bronnann sé an pár ar gach réamhchéimí. Dúnann Stiúrthóir an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh cruinniú na hOllscoile i Laidin. Deir an tUachtarán/Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí focal scoir. Tugann an tUachtarán/Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí a aitheasc. Ba í an ceoltóir Gaillimheach Kathleen Loughnane, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa thraidisiúnta ‘Dordán,’ a chum amhrán na hOllscoile, dar teideal ‘Lúcháir an Léinn,’ mar chuid de na himeachtaí a reáchtáladh chun an 150 bliain ó cláraíodh an chéad mhac léinn san Ollscoil a cheiliúradh.
Powered by FlippingBook