Saturday November 22nd 2025

Teachtaireacht ón Uachtarán

President’s Message

Is lá speisialta é bronnadh na gcéimeanna daoibh féin, do bhur dteaghlaigh agus do bhur gcairde. Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, ba mhaith liom fáilte chroíúil a chur romhaibh go léir agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár réamhchéimithe. Ó bunaíodh sinn sa bhliain 1845, tá cáilíochtaí bronnta ar bhreis is 135,000 céimí in Ollscoil na Gaillimhe agus a gcion déanta acu ar fud an domhain mhóir. Is cuid den phobal sin sibh anois, an líonra daoine sin atá ag múnlú na sochaí, ag cur na nuálaíochta chun cinn agus iad ag dul i bhfeidhm ar réimsí anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Táimid bródúil as ár n-oidhreacht anseo in Ollscoil na Gaillimhe, ach táimid dírithe ar an todhchaí freisin, ar ollscoil a fhorbairt a bhfuil cáil uirthi as taighde, cruthaitheacht, inbhuanaitheacht agus ceannaireacht i réimse na sonraí agus na teicneolaíochta. Le linn bhur dtréimhse anseo, chuir sibh leis an aistear sin trí bhur gcuid staidéir, bhur gcuid smaointe agus bhur gcion féin a dhéanamh ar mhaithe le saol an champais. Is mian linn go n-éireoidh lenár gcuid mac léinn ní hamháin go hacadúil, ach ar bhonn pearsanta chomh maith, go ndéanfaidh siad a gcion féin sa saol agus go mbeidh tionchar acu ar an domhan. Mar chéimithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe, ní hamháin gur shealbhaigh sibh eolas agus scileanna, ach shealbhaigh sibh freisin ár mbunluachanna mar atá barr feabhais, meas, oscailteacht, muintearas agus inbhuanaitheacht. Is am bródúil é seo dúinn uile. D’oibrigh sibh go dian agus a shliocht sin oraibh. Guím gach rath agus sonas oraibh agus sibh ag tabhairt faoin saol atá amach romhaibh. Comhghairdeas! An tOllamh David J. Burn MB BS (Newcastle), MA (Oxford), MD (Newcastle), FRCP (Londain & Dún Éideann), FMedSci Uachtarán – President

Graduation is a special day for all of you, your families and your friends. On behalf of University of Galway, I want to warmly welcome you all and offer my congratulations to our graduands. From our beginnings in 1845, more than 135,000 graduates have left University of Galway and have gone on to make their mark in the world. You now join that community, that network of people who are shaping society, driving innovation and making an impact here in Ireland and across the globe. We are proud of our heritage here at University of Galway, however, we are also focused on the future, on building a university known for research, creativity, sustainability and leadership in data and technology. During your time here, you have contributed to that journey through your studies, your ideas and your own contribution to campus life. We want our students to succeed not only academically, but to thrive personally, to contribute and make a difference. As graduates of the University of Galway, you carry forward not only knowledge and skills, but also our essential values of excellence, respect, openness, belonging and sustainability. This is a proud moment for all of us. You have worked hard and achieved something significant. I wish you every success and happiness as you take your next steps. Congratulations! Professor David J. Burn MB BS (Newcastle), MA (Oxford), MD (Newcastle), FRCP (London & Edinburgh), FMedSci Uachtarán – President

Powered by