I measc ár gcomhpháirtithe sna hEalaíona tá Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, Amharclann an Druid, An Taibhdhearc, agus Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.
An raibh a fhios agat? Is as dathanna fhoireann peile na
hOllscoile in 1934 a thóg CLG na Gaillimhe an marún agus an bán a bhfuil an-chion air inniu. Roimhe sin is glas agus bán na dathanna a bhí acu. Ghnóthaigh an Ollscoil 8 gCorn Sigerson as 9 gcinn idir 1933 agus 1942. Tá Craobhacha Uile-Éireann buaite ag Ollscoil na Gaillimhe sna spóirt seo a leanas: Lúthchleasaíocht, Júdó, Rámhaíocht, Cispheil na bhFear, Sacar na mBan, Cruicéad, Haca agus Rugbaí na mBan. Sheas mic léinn na hOllscoile an fód d’Éirinn nó d’fhoirne Ollscoile Éireannacha i 10 spórt éagsúla: Lúthchleasaíocht, Rámhaíocht, Galf, Eitpheil, Cadhcáil Saorstíle, Cispheil, Crosógaíocht, Friosbaí, Rugbaí agus Sacar. Tá 129 Cumann in Ollscoil na Gaillimhe – an líon is mó in aon ollscoil ar oileán na hÉireann.
Tá deis socrúcháin oibre nó deis
staidéir thar lear ar 4 as 5 cinn dár gcúrsaí fochéime.
Is í Ollscoil na Gaillimhe an ollscoil
is mó a mbíonn a cuid mac léinn ag déanamh obair dheonach inti, tá os cionn 15,000 mac léinn cláraithe mar oibrithe deonacha.
Tá 135,000 alumni ag an ollscoil
Tá €334 milliún infheistithe i bhfoirgnimh nua ar an gcampas ó 2010.
ar fud an domhain.
Powered by FlippingBook