Aitheanta i measc an 2% is fearr d’ollscoileanna i ranguithe QS an domhain, agus an 100 is fearr san Eoraip. Táimid sa chéad áit in Éirinn , 12ú háit san Eoraip agus i measc an 50 is fearr ar fud an domhain maidir lenár dtionchar ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na NA. Tá Gaillimh roghnaithe ar an gcathair is cairdiúla i leith Mic Léinn agus ar an 7ú Cathair is Fearr ar Domhan do Mhic Léinn . Vótáladh Ollscoil na Gaillimhe ar an gcampas is mó a bhfuil bithéagsúlacht ag baint leis in Éirinn.
Tá Ollscoil na Gaillimhe ag spreagadh na heagna ó 1845 mar ollscoil atá á treorú ag an taighde. Táimid suite i gcroílár na cathrach, cathair atá beo bríomhar suite ar an gcósta, cathair dhátheangach nach bhfuil a leithéid le fáil aon áit eile, saibhrithe ag an timpeallacht nádúrtha, ag earnáil chruthaitheach cháiliúil agus tionscail nuálaíocha spreagúla, mar shampla earnáil na dteicneolaíochtaí leighis atá mór le rá ar fud an domhain. Le pobal ollscoile 20,000 mac léinn agus 2,800 comhalta foirne is croíchuid í Gaillimh den domhan mór. Tháinig timpeall aon chúigiú den fhoireann agus de na mic léinn anseo ó thar lear, rud a shaibhríonn saol an champais, na cathrach agus an réigiúin. Táimid i gcónaí ag cur leis na deiseanna atá ar fáil do na mic léinn agus don fhoireann tabhairt faoi staidéar, obair agus comhobair thar lear. Tá tionchar domhanda ag ár dtaighde – ag cur le heolas, nuálaíocht agus polasaithe; agus tá comhoibriú ar bun ag ár bpobal acadúil le níos mó ná 5,300 institiúid ar fud an domhain. In 2024, chaitheamar €87m ar ghníomhaíochtaí taighde amháin, an méid is mó riamh, agus tá ag éirí linn sna cláir thaighde Eorpacha is iomaíche. Ceann dár gcroíluachanna is ea an inbhuanaitheacht, rud atá á leabú againn sa teagasc, sa taighde agus in oibríochtaí. Is é ár bhfís tionchar domhanda a bheith againn trí thaighde sainiúil, oideachas eisceachtúil agus eispéireas mac léinn den scoth. Táimid thar a bheith mórtasach as an ról atá ag ár 135,000 alumni an tionchar sin a imirt ar fud an domhain. Go raibh maith agaibh as bheith mar chuid den scéal sin inniu.
Powered by FlippingBook